Scipeáil chuig ábhar

Fógraíonn DCCI infheistíocht shuntasach chun athfhorbairt a dhéanamh ar fhoirgneamh Bhanc na hÉireann i mBaile Mhic Andáin i Scoil Cheirmeachta Acadamh DCCI

Postáilte ar 26.04.2024
Preasráitis

Tá Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann (DCCI) an-bhródúil as a dheimhniú go bhfuil infheistíocht bhreise de €900,000 leithdháilte do chéim a haon d'athfhorbairt fhoirgneamh Bhanc na hÉireann i mBaile Mhic Andáin isteach i Scoil Cheirmeachta Acadamh DCCI. Tar éis athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar an suíomh, tá comhairliúchán ar siúl le Comhairle Contae Chill Chainnigh ag an ailtire agus tarlóidh tuilleadh rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara sna seachtainí amach romhainn maidir le hiarratas pleanála.

 

Táimid ag tnúth le comhairliúcháin áitiúla le páirtithe leasmhara le linn na tréimhse seo agus le dul chun cinn tapa a dhéanamh ar an tionscadal seo, a chuirfidh go mór agus go bríomhar le Baile Mhic Andáin in éineacht le Scoil Seodra Acadamh DCCI i dTeach Seisiúin.

 

Tá áthas orainn a dheimhniú freisin, tar éis comhairliúcháin, gur cuireadh in iúl d'fhoireann ábhartha DCCI go ndéanfar a n-áit oibre a athlonnú chuig Scoil Seodra Acadamh DCCI ag Teach Seisiúin, Baile Mhic Andáin, ag tosú an4 Meitheamh 2024.

 

Tá foireann iomlán DCCI ag súil go mór le bheith ag obair leis an bpobal i mBaile Mhic Andáin chun go mbeidh rath agus cruthaitheacht rathúil ar Acadamh DCCI ar feadh na mblianta amach romhainn. Gabhaimid leithscéal gur thóg an próiseas níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis.

 

Is féidir le haon pháirtithe leasmhara áitiúla ar mian leo cruinniú a bheith acu leis an DCCI faoin ábhar teagmháil a dhéanamh [email protected].

 

CRÍOCH