

Is féidir leat ár dTuarascáil Bhliantúil agus ár Ráitis Airgeadais do 2024 a léamh thíos.
Ag DCCI is mór againn an deis an obair chrua, an paisean agus an chruthaitheacht a léiríonn ár mbaill go laethúil a chur chun cinn agus a aibhsiú.
Cé muid féin?
- Is í Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta Éireann (DCCI) an ghníomhaireacht náisiúnta um fhorbairt tráchtála dearthóirí agus déantóirí Éireannacha.
Ár bhfís
- Faoi 2030, beidh méadú tagtha ar rannchuidiú eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha earnáil an dearaidh agus na ceardaíochta in Éirinn.
Ár misean
- Mar ghníomhaireacht náisiúnta dearaidh agus ceardaíochta in Éirinn, is é ár misean tacú le dearthóirí agus déantóirí a ngnólachtaí a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, agus abhcóideacht a dhéanamh ar son na sochar sochaíoch a bhaineann le dearadh agus ceardaíocht.
Ó oscailt dhoirse Acadamh DCCI (DCCIA) i dTeach na Seisiún, Baile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh, go dtí na saothair iontacha atá ar taispeáint i Sráidbhaile Ceardaíochta Bloom de chuid Bord Bia, leanfaimid orainn ag ceiliúradh agus ag taispeáint an chuid is fearr de cheardaíocht agus dearadh na hÉireann.

In éineacht lenár dTuarascáil Bhliantúil is féidir leat físeán álainn a fheiceáil ina bhféachtar siar ar chuid den obair agus den fhás iontach san earnáil Dearaidh & Ceardaíochta.

Ag súil leis



