Ráiteas – 18.03.25
Murab ionann agus roinnt clúdach sna meáin agus tráchtaireacht phoiblí le déanaí, níor chuir Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta Éireann (DCCI) tús le caingean dlí in aghaidh aon cheardaí aonair nó grúpa ceardaithe.
Seoladh litir dhlíthiúil chuig déantóir i mí na Bealtaine 2024, d’fhonn an baol go ndéanfaí imeachtaí clúmhillte ag daoine aonair a ainmníodh i ndoiciméad a scríobhadh agus a scaipeadh i mí an Mhárta 2024 a laghdú.
Ba í an t-aon chúis gur sheol DCCI an litir i gceist ná go bhféadfadh páirtithe eile caingean dlí a dhéanamh.
Tuigtear do DCCI anois nach bhfuil sé i gceist ag na daoine dá dtagraítear sa doiciméad sin caingean dlí a ghlacadh. Sa chomhthéacs sin, níl feidhm a thuilleadh ag litir na Bealtaine 2024.
Is trua nach bhféadfaí an cheist seo a réiteach níos luaithe. Ní raibh fonn ar bith ar DCCI dul i ngleic le himeachtaí dlí, ach bhí dualgas uirthi a seasamh féin, agus seasamh a cuid fostaithe agus conraitheoirí a chosaint.
Tá DCCI ag obair chun bealach a aimsiú chun an cás a réiteach agus chun spás a chruthú le haghaidh plé torthúil laistigh den earnáil.
Ráiteas – 28.02.25
Murab ionann agus roinnt clúdach sna meáin le déanaí, níl tús curtha ag Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta Éireann (DCCI) le caingean dlí i gcoinne aon cheardaí aonair nó grúpa ceardaithe.
Seoladh litir dhlíthiúil chuig déantóir i mí na Bealtaine 2024, d’fhonn an baol imeachtaí clúmhillte ó dhaoine aonair a ainmníodh i ndoiciméad a scríobhadh agus a scaipeadh i mí an Mhárta 2024 a laghdú.
Níl fonn ar bith ar DCCI dul i ngleic le himeachtaí dlí, agus tá sé seo amhlaidh i gcónaí.
Tá fonn ar DCCI bogadh níos faide ná an tsaincheist atá ann faoi láthair agus scríobh sé chuig déantóir ón ngrúpa atá i gceist ag tabhairt cuireadh dóibh teacht le chéile chun an cheist a réiteach.